← Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎
← Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr dá laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊✎
← Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo dó a bheo dá dtigeadh sé na bhaile roimh an deich a chlog, nó dá ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith dó. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, ní raibh an teach chomh maith sin nuair a cheannaigh siad é; ceithre mhíle punt a thug siad don Housing Executive ar son ballóige, féadaim a rá, a raibh brící sna fuinneoga ann. 🔊✎